Ċuir sí biorán-suain faoi na ċeann, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ, agus ċoṁ luaṫ a’s ṫuit sé ’nna ċodlaḋ rug sí an siosúr uaiḋ agus d’ḟágḃuiġ sí é. Ṫug sí an siosúr do’n ríġ niṁe, agus duḃairt sí leis an ríġ, an siosúr do ḃeiṫ aige air maidin dí. D’imṫiġ sí ann sin. Nuair ḃí sí imṫiġṫe ṫuit an ríġ niṁe ’nna ċodlaḋ agus nuair a ḃí sé ’nna ċodlaḋ ṫáinig an fear gearr glas agus na sean-slipéaraiḋ air, agus an birreud air a ċeann, agus an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a láiṁ, agus cia bé áit a d’ḟágḃuiġ an ríġ an siosúr fuair seisean é. Ṫug sé do ṁac ríġ Eireann é, agus nuair ṫáinig sise air maidin d’ḟiafruiġ sí, “a ṁic ríġ Eireann ḃfuil an siosúr agad?”
“Tá,” ar seisean.
Ḃí tri fíċe cloigionn na ndaoine a ṫáinig ’gá h-íarraiḋ air spíciḃ ṫimċioll an ċaisleáin agus ṡaoil sí go mbeiḋeaḋ a ċloigionn air spíce aici i g-cuideaċt leó.
An oiḋċe, an lá air na ṁáraċ, ṫáinig sí agus ṫug sí cíar dó, agus duḃairt sí leis muna mbeiḋeaḋ an ċíar aige air maidin nuair a ṫiucfaḋ sí go mbeiḋeaḋ an ceann bainte ḋé. Ċuir sí biorán-suain faoi na ċeann agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ mar ṫuit sé an oiḋċe roiṁe, agus ġoid sise an ċíar léiṫe. Ṫug sí an ċíar do’n ríġ niṁe agus duḃairt sí leis gan an ċiar do ċailleaḋ mar ċaill sé an siosúr. Ṫáinig an fear gearr glas agus na sean-sléiparaiḋ air a ċosaiḃ, an sean-ḃirreud air a ċeann agus an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a láiṁ, agus ní ḟacaiḋ an ríġ é go dtáinig se taoḃ ṡiar dé agus ṫug sé an ċíar leis uaiḋ.
Nuair ṫáiniġ an ṁaidin, ḋúisiġ mac ríġ Eireann agus ṫosuiġ sé ag caoineaḋ na ciaire a ḃí imṫiġṫe uaiḋ. “Ná bac leis sin,” ar san fear gearr glas, “tá sé agam-sa.” Nuair ṫáinig sise ṫug sé an ċíar dí, agus ḃí iongantas uirri.
Táinig sí an tríoṁaḋ oiḋċe, agus duḃairt sí le mac riġ Eireann an ceann do cíaraḋ leis an g-cíair sin do ḃeiṫ aige ḋí, air maidin amáraċ. “Nois,” ar sise, “ní raiḃ baoġal ort go dtí anoċt, agus má ċailleann tu an t-am so i, tá do ċloigionn imṫiġṫe.”
Ḃí an biorán-suain faoi na ċeann, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ. Ṫáinig sise agus ġoid sí an ċíar uaiḋ. Ṫug sí do’n ríġ niṁe í, agus duḃairt sí leis nár ḟeud an ċíar imṫeaċt uaiḋ no go mbainfiḋe an ceann dé. Ṫug an riġ niṁe an ċiar leis, agus ċuir sé asteaċ í i g-carraig cloiċe, agus trí fiċe glas uirri, agus ṡuiḋ an ríġ taoiḃ amuiġ de na glasaiḃ uile ag doras na carraige, ’gá faire. Ṫáinig an fear gearr glas, agus na slipeuraiḋ agus an birreud air, agus an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a láiṁ, agus ḃuail sé buille air an g-carraig cloiċe agus d’ḟosgail suas í, agus ḃuail sé an dara ḃuille air an ríġ niṁe, agus ḃain sé an ceann dé. Ṫug sé leis an ċiar ċuig (do) mac ríġ Eireann ann sin, agus fuair sé é ann a ḋúiseaċt, agus é ag caoineaḋ na ciaire. “Súd í do ċíar duit,” ar seisean, “tiucfaiḋ sise air ball, agus fiafróċaiḋ sí ḋíot an ḃfuil an ċíar agad, agus abair léiṫe go ḃfuil, agus an ceann do cíaraḋ léiṫe, agus caiṫ ċuici an cloigionn.”
Nuair ṫáinig sise ag fiafruiġ an raiḃ an ċiar aige, duḃairt sé go raiḃ, agus an ceann do cíaraḋ léiṫe, agus ċaiṫ sé ceann an ríġ niṁe ċuici.
Nuair ċonnairc sí an cloigionn ḃí fearg ṁór uirri, agus duḃairt sí leis naċ ḃfuiġfeaḋ sé í le pósaḋ go ḃfáġaḋ sé coisire a ṡiúḃalfaḋ le na coisire féin i g-coinne trí ḃuideul na h-íoċṡláinte as tobar an doṁain ṡoir, agus dá mbuḋ luaiṫe a ṫáinig a coisire féin ’ná an coisire aige-sean, go raiḃ a ċeann imṫiġṫe.
Fuair sí sean-ċailleaċ (ḃuitse éigin) agus ṫug sí trí buideula ḋí. Duḃairt an fear gearr glas trí ḃuideula do ṫaḃairt do’n ḟear a ḃí ag congḃáil páirce na ngeirrḟiaḋ, agus tugaḋ ḋó iad. D’imṫiġ an ċailleaċ agus an fear, agus trí buidéala ag gaċ aon aca, agus ḃí coisire mic ríġ Éireann ag tíġeaċt leaṫ-ḃealaiġ air ais, sul a ḃí an ċailleaċ imṫiġṫe leaṫ-ḃealaiġ ag dul ann. “Suiḋ síos,” ar san ċailleaċ leis an g-coisire, “agus leig do sgíṫ, tá an ḃeirt aca pósta anois, agus ná bí briseaḋ do ċroiḋe ag riṫ.” Ṫug sí léiṫe cloigionn capaill agus ċuir sí faoi na ċeann é, agus biorán-suain ann, agus nuair leag sé a ċeann air, ṫuit sé ’nna ċodlaḋ.