PÁIDÍN O’CEALLAIĠ AGUS AN EASÓĠ.

A ḃfad ó ṡoin ḃí fear d’ar’ ḃ’ainm Páidín O’Ceallaiġ ’nna ċóṁnuiḋe i ngar do Ṫuaim i gcondaé na Gailliṁe. Aon ṁaidin aṁáin d’éiriġ sé go moċ agus ní raiḃ ḟios aige cia an t-am a ḃi sé, mar ḃí solas breáġ ó’n ngealaiġ. Ḃí dúil aige le dul go h-aonaċ Ċáṫair-na-mart le storc asail do ḋíol.

Ní raiḃ sé níos mó ’na trí ṁíle air an mbóṫar go dtáinig dorċadas mór air, agus ṫosuiġ ciṫ trom ag tuitim. Ċonnairc sé teaċ mór ameasg crann timċioll cúig ċeud slat ó’n mbóṫar agus duḃairt sé leis féin, “raċfaiḋ mé ċum an tíġe sin, go dtéiḋ an ciṫ ṫart.” Nuair ċuaiḋ sé ċum an tíġe, ḃí an doras fosgailte, agus asteaċ leis. Ċonnairc sé seomra mór air ṫaoiḃ a láiṁe ċlé, agus teine ḃreáġ ’san ngráta. Ṡuiḋ sé síos air stol le cois an ḃalla, agus níor ḃfada gur ṫosuiġ sé ag tuitim ’nna ċodlaḋ, nuair ċonnairc sé easóg ṁór ag teaċt ċum na teineaḋ agus leag si giniḋ air leic an teaġlaiġ agus d’imṫiġ. Níor ḃfada go dtáinig sí air ais le giniḋ eile agus leag air leic an teaġlaiġ é, agus d’imṫiġ. Ḃí sí ag imṫeaċt agus ag teaċt go raiḃ cárnán mór giniḋ air an teaġlaċ. Aċt faoi ḋeireaḋ nuair d’imṫiġ sí d’éiriġ Páidín, agus ċuir sé an méad óir a ḃí cruinniġṫe aici ann a ṗóca, agus amaċ leis.

Ní raiḃ sé a ḃ-fad imṫiġṫe gur ċualaiḋ sé an easóg ag teaċt ’nna ḋiaiġ agus í ag sgreadaoil ċoṁ h-árd le píobaiḃ. Ċuaiḋ sí roiṁ Páidín air an mbóṫar agus í ag lubarnuiġ anonn ’s anall agus ag iarraiḋ greim sgornaiġ d’ḟáġail air. Ḃí maide maiṫ daraċ ag Páidín agus ċongḃuiġ sé í uaiḋ go dtáinig beirt ḟear suas. Ḃí madaḋ maiṫ ag fear aca, agus ruaig sé asteaċ i bpoll ’san mballa í.

Cuaiḋ Páidín ċum an aonaiġ, agus ann áit é ḃeiṫ tíġeaċt a ḃaile leis an airgiod a fuair sé air a ṡean-asal, mar ṡaoil sé air maidin go mbeiḋeaḋ sé ag deanaṁ, ċeannuiġ sé capall le cuid de’n airgiod a ḃain sé de’n easóig, agus ṫáinig sé a ḃaile agus é ag marcuiġeaċt. Nuair ṫáinig sé ċoṁ fada leis an áit ar ċuir an madaḋ an easóg ann san bpoll, ṫáinig sí amaċ roiṁe, ṫug léim suas, agus fuair greim sgornaiġ air an g-capall. Ṫosuiġ an capall ag riṫ, agus níor ḟeud Páidín a ċeapaḋ, no go dtug sé léim asteaċ i g-clais ṁóir a ḃí líonta d’uisge agus de ṁúlaċ. Ḃí sé ’gá ḃáṫaḋ agus ’gá ṫaċtaḋ go luaṫ, go dtáinig fir suas a ḃí teaċt as Gailliṁ agus ḋíḃir siad an easóg.

Ṫug Páidín an capall a ḃaile leis, agus ċuir sé asteaċ i dteaċ na mbó é, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, d’éiriġ Páidín go moċ, agus ċuaiḋ sé amaċ le uisge agus féar ṫaḃairt do’n capall. Nuair ċuaiḋ sé amaċ ċonnairc sé an easóg ag teaċt amaċ as teaċ na mbó, agus í foluiġṫe le fuil. “Mo ṡeaċt míle mallaċt ort,” ar Páidín, “tá faitċios orm go ḃfuil anaċain déanta agad.” Cuaiḋ sé asteaċ, agus fuair sé an capall, péire bó-bainne, agus dá laoġ marḃ Ṫáinig sé amaċ agus ċuir sé madaḋ a ḃí aige anḋiaiġ na h-easóige. Fuair an madaḋ greim uirri agus fuair sise greim air an madaḋ. Buḋ madaḋ maiṫ é, aċt b’éigin dó a ġreim sgaoileaḋ sul ṫáinig Páidín suas; aċt ċongḃuiġ sé a ṡúil uirri go ḃfacaiḋ sé í ag dul asteaċ i mboṫán beag a ḃí air ḃruaċ loċa. Ṫáinig Páidín ag riṫ, agus nuair ḃí sé ag an mboṫáinín beag ṫug sé craṫaḋ do’n ṁadaḋ agus ċuir sé fearg air, agus ċuir sé asteaċ roiṁe é. Nuair ċuaiḋ an madaḋ asteaċ ṫosuiġ sé ag taṫfant. Ċuaiḋ Páidín asteaċ agus ċonnairc sé sean-ċailleaċ ann san g-coirnéul. D’ḟiafruiġ sé ḋí an ḃfacaiḋ sí easóg ag teaċt asteaċ.

“Ní ḟacaiḋ mé,” ar san ċailleaċ, “tá mé breóiḋte le galar millteaċ agus muna dtéiḋ tu amaċ go tapa glacfaiḋ tu uaim é.”

Coṁ fad agus ḃí Páidín agus an ċailleaċ, ag caint, ḃí an madaḋ ag teannaḋ asteaċ, no go dtug sé léim suas faoi ḋeireaḋ, agus rug sé greim sgornaiġ air an g-cailliġ.