D’imṫiġ an táiliúr an lá air na máraċ, agus casaḋ ḋó an sionnaċ, “Go mbeannuiġ Dia ḋuit,” ar san sionnaċ. “Go mbeannuiġ Dia ’gus Muire ḋuit.” “Cá ḃfuil tu dul?” “Tá mé dul go B’l’acliaṫ go ḃfeuċaiḋ mé an dtiucfaiḋ liom cúirt ḋeunaṁ do’n ríġ.” “An ndeunfá áit dam, a raċfainn i ḃfolaċ innti,” ar san sionnaċ, “tá an ċuid eile de na sionnaiġiḃ do m’ ḃualaḋ agus ní leigeann siad dam aon niḋ iṫe ’nna g-cuideaċta.” “Deunfaiḋ mé sin duit,” ar san táiliúr. Ṫug sé leis a ṫuaġ agus a ṡáḃ agus ḃain se slata, go ndearnaiġ sé, mar ḋeurfá, cliaḃ dó, agus duḃairt sé leis an tsionnaċ dul síos ann, go ḃfeicfeaḋ se an ḃfóirfeaḋ sé ḋó. Ċuaid an sionnaċ ann, agus nuair fuair an táiliúr ṡíos é, leag sé a ṫóin air an bpoll a ḃí ann. Nuair a ḃí an sionnaċ sásta faoi ḋeireaḋ go raiḃ áit ḋeas aige d’iarr sé air an táiliúr a leigean amaċ, agus d’ḟreagair an táiliúr naċ leigfeaḋ, “Fan ann sin go dtigiḋ mise air m’ais,” ar sé.
D’imṫiġ an táiliúr an lá air na ṁáraċ, agus ní fada ḃí sé siúḃal gur casaḋ madr’-alla ḋó, agus ċuir an mádr’-alla forán air, agus dḟiafruiġ sé ḋé cá raiḃ sé ag triall. “Tá me dul go B’l’acliaṫ go ndeunfaiḋ mé cúirt do’n ríġ má ṫig liom sin ḋeunaṁ,” ar san táiliúr. “Dá ndeunfá ceuċt dam,” ar san madr’-alla, “ḃeiḋeaḋ mise agus na madr’-alla eile ag treaḃaḋ agus ag forsaḋ, go mbeiḋeaḋ greim againn le n-iṫe ann san ḃfóġṁar.” “Deunfaiḋ mé sin duit,” ar san táiliúr. Ṫug sé leis a ṫuaġ ’s a ṡáḃ, agus rinne sé ceuċt. Nuair ḃí an ceuċt deunta ċuir sé poll ann san mbéam (sail) agus duḃairt se leis an madr’-alla dul asteaċ faoi an g-ceuċt go bḟeicfeaḋ sé an raiḃ treaḃaċ maiṫ ann. Ċuir sé a earball asteaċ ann san bpoll a rinne sé, agus ċuir sé “peg” ann-sin ann, agus níor ṫáinig leis an madr’-alla a earball ṫarraing amaċ as arís. “Sgaoil mé anois,” ar ran madr’-alla, “agus deasóċamaoid féin agus treaḃfamaoid.” Duḃairt an táiliúr naċ sgaoilfeaḋ sé é no go dtiucfaḋ sé féin air ais. D’ḟág sé ann sin é agus ċuaiḋ sé go B’l’acliaṫ.
Nuair ṫáinig sé go B’l’acliaṫ ċuir sé páipeur amaċ an méad luċd’ céirde do ḃí ag tógḃáil na cúirte do teaċt ċuige-sean, agus go n-íocfaḋ seisean iad——agus ní ḃíḋeaḋ daoine ag fáġail ’san am sin aċt píġin ’san lá. Do ċruinniġ a lán luċd céirde an lá air na ṁáraċ, agus ṫosaiġ siad ag obair dó. Ḃí siad ag dul a ḃaile anḋiaiġ an laé nuair duḃairt an tailiúr leó “an ċloċ ṁór sin do ċur suas air ḃárr na h-oibre a ḃí deunta aige.” Nuair d’ árduiġeaḋ suas an ċloċ ṁór sin, ċuir an tailiúr sliġe éigin fúiṫi go leagfaḋ sé anuas í nuair a ṫiucfaḋ an faṫaċ ċoṁ fada léiṫe. D’imṫiġ an luċd oibre a ḃaile ann sin, agus ċuaiḋ an tailiúr i ḃfolaċ air ċúl na cloiċe móire. Nuair ṫáinig dorċadas na h-oiḋċe ċonnairc sé na trí faṫaiġ ag teaċt, agus ṫosuiġ siad ag leagaḋ na cúirte no go dtáinig siad ċoṁ fada leis an áit a raiḃ an táiliúr ṡuas, agus ḃuail fear aca buille d’á ord air an áit a raiḃ sé í ḃfolaċ. Leag an tailiúr an ċloċ anuas air, agus, ṫuit sí air, agus ṁarḃ sí é. D’imṫiġ siad a ḃaile ann sin, agus d’ḟág siad an méad a ḃí ann gan leagan, ó ḃí fear aca féin marḃ.
Ṫáinig an luċt céirde arís, an lá air na ṁáraċ, agus ḃí siad ag obair go dtí an oiḋċe, agus nuair a ḃí siad dul aḃaile duḃairt an tailiúr leó an ċloċ ṁór do ċur suas air ḃárr na h-oibre mar ḃí rí an oiḋċe roiṁe sin. Rinne siad sin dó, agus d’imṫiġ siad aḃaile, agus cuaiḋ an tailiúr i ḃfolaċ, mar ḃí sé an traṫnóna roiṁe sin. Nuair ḃí na daoine uile imṫiġṫe ’nna suaiṁneas, ṫáinig an dá ḟaṫaċ, agus ḃí siad ag leagan an ṁéid a ḃí rompa; agus nuair ṫosuiġ siad, ċuir siad dá ġlaoḋ asta. Ḃí an tailiúr air siúḃal agus é ag obair no gur leag sé anuas an ċloċ ṁór gur ṫuit sí air ċloigionn an ḟaṫaiġ a ḃí fúiṫi agus ṁarḃ sí é. Ní raiḃ ann sin aċt an t-aon ḟaṫaċ aṁáin ann, agus ní ṫáinig seisean go raiḃ an ċúirt críoċnuiġṫe.
Ċuaiḋ an táiliúr ċum an riġ ann sin, agus duḃairt sé leis, a ḃean agus a ċuid airgid do ṫaḃairt dó, mar do ḃí an ċúirt déanta aige, aċt duḃairt an ríġ leis naċ dtiúḃraḋ sé aon ḃean dó, no go marḃfaḋ sé an faṫaċ eile, agus naċ dtiúḃraḋ sé dadaṁ dó anois no go marḃfaḋ sé an fear deireannaċ. Duḃairt an táiliúr ann sin go marḃfaḋ sé an faṫaċ eile ḋó, agus fáilte, naċ raiḃ aon ṁaille air biṫ air sin.
D’imṫiġ an táiliúr ann sin, go dtáinig sé ċum na h-áite a raiḃ an faṫaċ eile, agus d’ḟiafruiġ ar ṫeastuig buaċaill uaiḋ. Duḃairt an faṫaċ gur ṫeastuiġ, dá ḃfáġaḋ sé buaċaill a ḋeunfaḋ an rud a deunfaḋ sé féin. “Rud air biṫ a ḋeunfas tusa, deunfaiḋ mise é,” ar san tailiúr.
Ċuaid siad ċum a ndinéir ann sin, agus nuair ḃí sé iṫte aca duḃairt an faṫaċ leis an táiliúr an dtiucfaḋ leis an oiread anḃruiṫ ól agus é féin, aníos as a ḟiucaḋ. “Tiucfaiḋ,” ar san tailiúr, “aċt go dtiúḃraiḋ tu uair dam sul a ṫosóċamaoid air.” “Ḃéarfaiḋ mé sin duit,” ar san faṫac. Ċuaiḋ an tailiúr amaċ ann sin, agus fuair se croicionn caoraċ agus d’ḟuaiġ sé suas é, go ndearnaiġ sé mála ḋé agus ḋeasuiġ sé ṡíos faoi na ċóta é. Táinig sé asteaċ ann sin, agus duḃairt sé leis an ḃfaṫaċ galún de’n anḃruiṫ ól i dtosaċ. D’ól an faṫaċ sin aníos as a ḟiuċaḋ.
“Deunfaiḋ mise sin,” ar san táiliúr. Ḃí sé air siúḃal gur ḋóirt sé asteaċ san g-croicionn é, agus ṡaoil an faṫaċ go raiḃ sé ólta aige. D’ól an faṫaċ galún eile ann sin, agus leig an táiliúr galún eile síos ’san g-croicionn, aċt ṡaoil an faṫaċ, go raiḃ sé ’gá ól. “Déanfaiḋ mise rud anois naċ dtiucfaiḋ leat-sa ḋeunaṁ,” ar san táiliúr. “Ní ḋéanfá,” ar san faṫaċ, “creud é sin do ḋéanfá?”
“Poll do ḋeunaṁ, agus an t-anḃruiṫ do leigean amaċ arís,” ar san táiliúr. “Déan ṫu féin i dtosaċ é,” ar san faṫaċ. Ṫug an táiliúr “prad” de’n sgín, agus leig sé amaċ an t-anḃruiṫ as an g-croicionn. “Déan, ṫusa, sin,” ar sé leis an ḃfaṫaċ. “Déanfad,” ar san faṫaċ ag taḃairt prad de’n sgín ’nna ḃuilg féin gur ṁarḃ sé é féin. Sin é an ċaoi a ṁarḃ sé an tríoṁaḋ faṫaċ.