Ċuaiḋ sé do’n ríġ ann sin, agus duḃairt sé leis, an ḃean agus a ċuid airgid do ċur amaċ ċuige, agus go leagfaḋ se an ċúirt muna ḃfáġaḋ sé an ḃean. Bí faitċios orra ann sin go leagfaḋ sé an ċúirt arís, agus cuir siad an ḃean amaċ ċuige.
Nuair ḃí sé lá imṫiġṫe, é féin agus a ḃean, ġlac siad aiṫreaċas agus lean siad é, go mbainfeaḋ siad an ḃean dé arís. Bí an ṁuinntir do ḃí ’nna ḋiaiġ ’gá leanaṁaint no go dtáinig siad suas do’n áit a raiḃ an madr’-alla, agus duḃairt an madr’-alla leó. “Ḃí an táiliúr agus a ḃean ann so andé, ċonnairc mise iad ag dul ṫart, agus má sgaoileann siḃ mise anois tá mé níos luaiṫe ’ná siḃ-se, agus leanfaiḋ mé iad go mbéarfaiḋ mé orra.” Nuair ċualaiḋ siad sin sgaoil siad amaċ an madr’alla.
D’imṫig an madr’-alla agus muinntir Ḃ’l’acliaṫ, agus ḃí siad dá leanaṁaint go dtáinig siad d’on áit a raiḃ an sionnaċ, agus ċuir an sionnaċ forán orra, agus duḃairt sé leó, “ḃí an táiliúr agus a ḃean ann so air maidin andiú, agus má sgaoilfiḋ siḃ amaċ mé tá mé níos luaiṫe ’ná siḃ agus leanfaiḋ mé iad agus béarfaiḋ mé orra.” Sgaoil siad amaċ an sionnaċ ann sin.
D’imṫiġ an madr’-alla agus an sionnaċ, agus arm Ḃ’l’acliaṫ ann sin, ag feuċaint an ngaḃaḋ siad an táiliúr, agus táinig siad do’n áit a raiḃ an sean-ġearrán bán, agus duḃairt an sean-ġearrán bán leó, go raib an táiliúr, agus a ḃean ann sin air maidin, “agus sgaoiligiḋe amaċ mé,” ar sé, “tá mé níos luaite ná siḃ-se agus béarfaiḋ mé orra.” Sgaoil siad amaċ an sean ġearrán bán, agus lean an sean-ġearrán bán, an sionnaċ, an madr’-alla, agus arm Ḃ’l’acliaṫ an táiliúr ’s a ḃean, i g-cuideaċt a ċéile, agus níor ḃfada go dtáinig siad suas leis an táiliúr, agus ċonnairc siad é féin ’s a ḃean amaċ rompa.
Nuair ċonnairc an táiliúr iad ag tíġeaċt ṫáinig sé féin ’s a ḃean amaċ as an g-cóiste, agus ṡuiḋ sé síos air an talaṁ.
Nuair ċonnairc an sean-ġearrán bán an táiliúr ag suiḋe síos duḃairt sé, “Sin é an cuma a ḃí sé nuair rinne sé an poll daṁsa, nár ḟeud mé teaċt amaċ as, nuair ċuaiḋ mé asteaċ ann; ní raċfaiḋ mé níos foigse ḋó.”
“Ní h-eaḋ,” ar san sionnaċ, “aċt is mar sin, do ḃí sé nuair ḃí se déanaṁ an ruid daṁ-sa, agus ní raċfaiḋ mise níos foigse ḋó.”
“Ní h-eaḋ!” ar san madr’-alla, “aċt is mar sin do ḃí sé nuair ḃí sé déanaṁ an ċeuċta ’nna raiḃ mise gaḃṫa. Ni raċfaiḋ mise níos foigse ḋó.”
D’imṫiġ siad uile uaiḋ ann sin, agus d’ḟill siad. Ṫáinig an táiliúr agus a ḃean a ḃaile go Gailliṁ. Ṫug siad dam stocaiḋ páipéir agus bróga bainne raṁair—ċaill mé iad ó ṡoin. Fuair siad-san an t-áṫ agus mise an loċán, báiṫeaḋ iad-san agus ṫáinig mise.