Ḃéarfaḋ Bran air na Gaéṫiḃ-fiáḋna ḃí sí ċoṁ luaṫ sin. Nuair ḃí sí ’nna coileán d’éiriġ imreas no tsoid éigin ameasg na g-con a ḃí ag an ḃFéin, agus

Trí fiċe cu agus fiċe coileán

Ṁarḃ Bran agus í ’nna coileán,

Dá ġé-fiaḋáin, agus an oireaḋ leó uile.

Sé Fionn féin a ṁarḃ Bran. Ċuaiḋ siad amaċ ag fiaḋaċ agus rínneaḋ eilit de ṁáṫair Ḟinn. Ḃí Bran dá tóruiġeaċt.

“Eilit ḃaoṫ fág air sliaḃ,”

ar Fionn. “A ṁic óig,” ar sise, “Cá raċfaiḋ mé as?”

Má ṫéiḋim ann san ḃfairrge síos

Coiḋċe ni ḟillfinn air m’ais,

S má ṫéiḋim ann san aer suas