Ní ḃeurfaiḋ mo luaṫas air Ḃran.
“Gaḃ amaċ eidir mo ḋá ċois,” ar Fionn. Ċuaiḋ sise amaċ eidir a ḋá ċois, agus lean Bran í, agus air ngaḃail amaċ dí, d’ḟáisg Fionn a ḋá ġlúin uirri agus ṁarḃ sé í.
Ḃí inġean ag Bran. Cu duḃ a ḃí ann san g-coileán sin, agus ṫóg na Fianna í, agus duḃairt siad leis an mnaoi a ḃí taḃairt aire do’n ċoileán, bainne bó gan aon ḃall do ṫaḃairt do’n ċoileán, agus gaċ aon deór do ṫaḃairt dó, agus gan aon ḃraon ċongḃail uaiḋ. Ní ḋearnaiḋ an ḃean sin, aċt ċongḃuiġ cuid de’n ḃainne gan a ṫaḃairt uile do’n ċoileán. An ċeud lá do sgaoil na Fianna an cu óg amaċ ḃí gleann lán de ġéaḋaiḃ fiaḋáine agus d’ eunaċaiḃ eile, agus nuair sgaoileaḋ an cú duḃ ’nna measg, do ġaḃ sí iad uile aċt fíor-ḃeagán aca a ċuaiḋ amaċ air ḃearna a ḃí ann. Agus aċt gur ċongḃuiġ an ḃean cuid de’n ḃainne uaiṫi do ṁarḃfaḋ sí iad uile.
Ḃí fear de na Fiannaiḃ ’nna ḋall, agus nuair leigeaḋ an cu amaċ d’ḟiafruiġ sé de na daoiniḃ a ḃí anaice leis, cia an ċaoi a rinne an cú óg. Duḃairt siad-san leis gur ṁarḃ an cu óg an meud gé fiaḋáin agus eun a ḃi ann san ngleann, aċt beagán aca a ċuaiḋ amaċ air ḃearna, agus go raiḃ sí teaċt a ḃaile anois. “Dá ḃfáġaḋ sí an bainne uile a ṫáinig de’n ḃo gan aon ḃall,” ar san dall, “ni leigfeaḋ sí d’eun air biṫ imṫeaċt uaiḋi,” agus d’ḟiafruiġ sé, ann sin, cad é an ċaoi a raiḃ sí tíġeaċt a ḃaile. “Tá sí teaċt anois,” ar siad, “agus, sgáil’ lasta as a muineul agus i air buile.”
“Taḃair m’impiḋe ḋam anois,” ar san dall, “agus cuir mé ’mo ṡuiḋe ann san g-cáṫaoir agus cuir gual ann mo láiṁ, óir muna marḃaim í anois marḃfaiḋ sí muid (sinn) uile.” Ṫáinig an cú, agus ċaiṫ sé an gual léiṫe agus ṁarḃ sé í, agus é dall.
Aċt dá ḃfágaḋ an coileán sin an bainne uile do ṫiucfaḋ sí agus luiḋfeaḋ sí síos go socair, mar luiḋeaḋ Bran.
BRAN.
Finn had a splendid hound. That was Bran. You have heard talk of Bran. This is the colour was on him:
Yellow feet that were on Bran,
Two black sides, and belly white,