But if that pup had to get all the milk, she’d come and she’d lie down quietly, the same as Bran used to lie ever.


MAC RIĠ ÉIREANN.

Ḃí mac ríġ i n-Éirinn, fad ó ṡoin, agus ċuaiḋ sé amaċ agus ṫug sé a ġunna ’s a ṁadaḋ leis. Ḃí sneaċta amuiġ. Ṁarḃ sé fiaċ duḃ. Ṫuit an fiaċ duḃ air an tsneaċta. Ní ḟacaiḋ sé aon rud buḋ ġile ’ná an sneaċta, ná buḋ ḋuiḃe ’ná cloigionn an ḟiaiċ ḋuiḃ, ná buḋ ḋeirge ’ná a ċuid fola ḃí ’gá dórtaḋ amaċ.

Ċuir sé faoi geasaiḃ agus deimúġ (sic) na bliaḋna naċ n-íosaḋ sé ḋá ḃiaḋ i n-aon ḃord, ná ḋá oiḋċe do ċoḋlaḋ ann aon teaċ, go ḃfáġaḋ sé bean a raiḃ a cloigionn ċoṁ duḃ leis an ḃfiaċ duḃ, agus a croicionn ċoṁ geal leis an tsneaċta, agus a ḋá ġruaiḋ ċoṁ dearg le fuil.

Ni raiḃ aon ḃean ann san doṁan mar sin, aċt aon ḃean aṁáin a ḃí ann san doṁan ṡoir.

Lá air na ṁáraċ ġaḃ sé amaċ, agus ní raiḃ airgiod fairsing, aċt ṫug sé leis fiċe púnta. Ní fada ċuaiḋ sé gur casaḋ socraoid dó, agus duḃairt sé go raiḃ sé ċoṁ maiṫ ḋó trí ċoiscéim ḋul leis an g-corpán. Ní raiḃ na trí ċoiscéim siúḃalta aige go dtáinig fear agus leag sé a reasta air an g-corp air ċúig ṗúnta. Ḃí dlíġeaḋ i n-Eirinn an t-am sin, duinea ir biṫ a raiḃ fiaċa aige air ḟear eile, naċ dtiucfaḋ le muinntir an ḟir sin a ċur, dá mbeiḋeaḋ sé marḃ, gan na fiaċa d’íoc, no gan cead ó’n duine a raiḃ na fiaċa sin aige air an ḃfear marḃ. Nuair ċonnairc Mac Ríġ Éireann mic agus inġeana an duine ṁairḃ ag caoineaḋ, agus iad gan an t-airgiod aca le taḃairt do ’n ḟear, duḃairt sé leis fein, “is mór an ṫruaġ é naċ ḃfuil an t-airgiod ag na daoiniḃ boċta.” agus ċuir sé a láṁ ann a ṗóca agus d’íoc sé féin na cúig ṗúnta, air son an ċuirp. Duḃairt sé go raċfaḋ sé ċum an teampoill ann sin, go ḃfeicfeaḋ sé curṫa é. Ṫáinig fear eile ann sin, agus leag sé a reasta air an g-corp air son cúig ṗúnta eile. “Mar ṫug mé na ceud ċúig ṗúnta,” ar Mac Ríġ Éireann leis féin, “tá sé ċoṁ maiṫ ḋam cúig ṗúnta eile ṫaḃairt anois, agus an fear boċt do leigean dul ’san uaiġ.” D’íoc sé na cúig ṗúnta eile. Ní raiḃ aige ann sin aċt deiċ bpúnta.

Níor ḃfada ċuaiḋ sé gur casaḋ fear gearr glas dó agus d’ḟiafruiġ sé ḋé cá raiḃ sé dul. Duḃairt sé go raiḃ sé dul ag iarraiḋ mná ’san doṁan ṡoir. D’ḟiafruiġ an fear gearr glas dé, an raiḃ buaċaill teastál uaiḋ, agus duḃairt sé go raiḃ, agus cad é an ṗáiḋe ḃeiḋeaḋ sé ag iarraiḋ. Duḃairt seisean “an ċeud ṗóg air a ṁnaoi, dá ḃfáġaḋ sé í.” Duḃairt Mac Ríġ Éireann go g-caiṫfeaḋ sé sin ḟáġail.

Níor ḃfada ċuaiḋ siad gur casaḋ fear eile ḋóiḃ agus a ġunna ann a láiṁ, agus é ag “leiḃléaraċt” air an londuḃ a ḃí ṫall ’san doṁan ṡoir, go mbeiḋeaḋ sé aige le n-aġaiḋ a ḋinéir. Duḃairt an fear gearr glas le Mac Ríġ Éireann gó raiḃ sé ċoṁ maiṫ ḋó an fear sin ġlacaḋ air aimsir, da raċfaḋ sé air aimsir leis. D’ḟiafruiġ Mac Ríġ Eireann an dtiucfaḋ sé air aimsir leis.