“Tá,” ar san fear gearr glas, “agus níos mó.”

“Cuir i ḃfolaċ mé go maidin go n-imṫiġeann do ṁáiġistir,” ar san faṫaċ.

Ċuir sé an faṫaċ faoi ġlas, ann sin, agus ċuaiḋ sé ċum a ṁáiġistir.

Ṫáinig mac ríġ Éireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an séidire, an coisire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, asteaċ ’san g-caisleán, agus ċaiṫ siad an oiḋċe sin, trian dí le fiannaiġeaċt agus trian le sgeuluiġeaċt, agus trian le soirm (sic) sáiṁ suain agus fíor-ċodalta.

Nuair d’ éiriġ an lá air na ṁáraċ ṫug sé leis a ṁáiġistir agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, agus d’ḟág sé amuiġ ag ceann an ḃóṫair iad, agus ṫáinig sé féin air ais agus ḃain sé an glas de ’n ḟaṫaċ. Duḃairt sé leis an ḃfaṫaċ gur ċuir a ṁáiġistir air ais é i g-coinne an ḃirréid ḋuiḃ a ḃí faoi ċolḃa a leabuiḋ. Duḃairt an faṫaċ go dtiuḃraḋ sé hata ḋó nár ċaiṫ sé féin ariaṁ, aċt go raiḃ náire air, an sean-ḃirreud do ṫaḃairt dó. Duḃairt an fear gearr glas muna dtiuḃraḋ sé an birreud dó go dtiucfaḋ a ṁáiġistir air ais, agus go mbainfeaḋ sé an ceann dé.

“Is fearr dam a ṫaḃairt duit,” ar san faṫaċ, “agus uair air biṫ a ċuirfeas tu air do ċeann é, feicfiḋ tu uile ḋuine agus ni ḟeicfiḋ duine air biṫ ṫu.” Ṫug sé ḋó an birreud ann sin, agus ċuaiḋ an fear gearr glas agus ṫug sé do ṁaċ ríġ Éireann é.

Ḃí siad ag imṫeaċt ann sin. Do ḃéarfaḋ siad air an ngaoiṫ Ṁárta do ḃí rómpa, agus an ġaoṫ Ṁárta do ḃí ’nna ndiaiġ ní ḃéarfaḋ sí orra-san, ag dul do’n doṁan ṡoir. Nuair ṫáinig traṫnóna agus deireaḋ an lae ḋearc mac ríġ Eireann uaiḋ agus ní ḟacaiḋ sé aon áit a mbeiḋeaḋ sé ann an oiḋċe sin. Ḍearc an fear gearr glas uaiḋ, agus ċonnairc sé caisleán, agus duḃairt sé, “an faṫaċ atá ann san g-caisleán sin, is dearḃráṫair do’n ḟaṫaċ a raḃamar aréir aige, agus béiḋmíd ann san g-caisleán sin anoċt.” Ṫáinig siad, agus d’ḟág sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir ag ceann an ḃóṫair agus ċuaiḋ sé ċum an ċaisleáin, agus ṫarraing sé an cuaille cóṁraic, agus níor ḟág sé leanḃ i mnaoi ná searraċ i g-capall ná pigín i muic ná broc i ngleann, i ḃfoigse seaċt míle ḋó, nár ḃain sé trí iompóḋ asta leis an méad torain a ṫug sé as an g-cuaille cóṁraic.

Ṫáinig an faṫaċ amaċ, agus duḃairt sé, “Moṫuiġim bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”

“Ní Eireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo ṁáiġistir amuiġ ann sin ag ceann an ḃóṫair, agus má ṫagann sé bainfiḋ sé an ceann díot.”

“Is mór líom ḋe ġreim ṫu, agus is beag liom de ḋá ġreim ṫu,” ar san faṫaċ.