“Ní ḃfuiġfiḋ tu mé de ġreim air biṫ,” ar san fear gearr glas, agus ṫoisiġ sé ag meuduġaḋ go raiḃ sé ċoṁ mór leis an g-caisleán.
Ṫáinig faitċios air an ḃfaṫaċ agus duḃairt sé, “ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ mór leat-sa?”
“Tá agus níos mó,” ar san fear beag glas.
“Cuir i ḃfolaċ mé go maidin go n-imṫiġeann do ṁáiġistir,” ar san faṫaċ, “agus rud air biṫ atá tu ag iarraiḋ caiṫfiḋ tu a ḟáġail.”
Ṫug sé an faṫaċ leis, agus ċaiṫ sé faoi ḃeul daḃaiċ é. Ċuaiḋ se amaċ agus ṫug sé asteaċ mac ríġ Eireann, an gunnaire, an cluasaire, an séidire, an coisire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, agus ċaiṫ siad an oiḋċe ann sin, trian le fiannuiġeaċt trian le sgeulaiġeaċt agus trian le soirm sáiṁ suain agus fíor-ċodalta, go dti an ṁaidin.
Air maidin, lá air na ṁáraċ, ṫug an fear gearr glas mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir amaċ as an g-caisleán agus d’ḟág sé ag ceann an ḃóṫair iad, agus ṫáinig sé féin air ais agus d’iarr sé na sean-slipéaraiḋ a ḃi faoi ċolḃa an leabuiḋ, air an ḃfaṫaċ. Duḃairt an faṫaċ go dtiúḃraḋ sé péire ḃútais ċoṁ maiṫ agus ċaiṫ sé ariaṁ d’a ṁáiġistir, agus cad é an maiṫ a ḃí ann sna sean-slipéaraiḃ! Duḃairt an fear gearr glas muna ḃfáġaḋ sé na slipeuraiḋ go raċfaḋ sé i g-coinne a ṁáiġistir, leis an ceann do ḃaint dé. Duḃairt an faṫaċ ann sin go dtiúḃraḋ sé ḋó iad, agus ṫug. “Am air biṫ,” ar seisean, “a ċuirfeas tu na slipeuraiḋ sin ort, agus ’haiġ óiḃir’ do ráḋ, áit air biṫ a ḃfuil súil agad do ḋul ann, béiḋ tu innti.”
D’imṫiġ mac ríġ Eireann agus an fear gearr glas, agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, go dtáinig traṫnóna agus deireaḋ an laé; agus go raiḃ an capall ag dul faoi sgáṫ na copóige agus ní fanfaḋ an ċopóg leis. D’ḟiafruiġ mac ríġ Eireann de’n ḟear gearr glas ann sin, cá ḃeiḋeaḋ siad an oiḋċe sin, agus duḃairt an fear gearr glas go mbeiḋeaḋ siad i dteaċ dearḃráṫar an ḟaṫaiġ ag a raiḃ siad areir. Ḍearc mac ríġ Eireann uaiḋ agus ni ḟacaiḋ sé dadaṁ. Ḍearc an fear gearr glas uaiḋ agus ċonnairc sé caisleán mór. D’ḟágḃaiġ sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir ann sin agus ċuaiḋ sé ċum an ċaisleáin leis féin, agus ṫarraing sé an cuaille cóṁraic, agus níor ḟágḃaiġ sé leanḃ i mnaoi, searraċ i láir, pigín i muic, na broc i ngleann, nár ṫionntuiġ sé ṫart trí uaire leis an méad torain a ḃain sé as an g-cuaille cóṁraic. Ṫáinig an faṫaċ amaċ agus duḃairt sé, “moṫuiġim bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”
“Ní Éireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo ṁáiġistir ’nna ṡeasaṁ ann sin, ag ceann an ḃóṫair, agus má ṫagann sé bainfiḋ sé an ceann díot.”
Agus leis sin ṫosuiġ an fear gearr glas ag méaduġaḋ go raiḃ sé ċoṁ mór leis an g-caisleán faoi ḋeireaḋ.
Ṫáinig faitċios air an ḃfaṫaċ, agus duḃairt sé, “ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ mór leat féin?”