He came then to the son of the king of Ireland, and he told him: “You can go with your wife now. I am the man who was in the coffin that day, for whom you paid the ten pounds; and these people who are with you, they are servants whom God has sent to you.”

The short green man and his people went away then, and the king of Ireland’s son never saw them again. He brought his wife home with him, and they spent a happy life with one another.


AN ALP-LUACHRA.

Bhi scológ ṡaiḋḃir a g-Connaċtaiḃ aon uair aṁáin, agus ḃí maoin go leór aige, agus bean ṁaiṫ agus muiríġin ḃreáġ agus ní raiḃ dadaṁ ag cur buaiḋreaḋ ná trioblóide air, agus ḋeurfá féin go raiḃ sé ’nna ḟear compórtaṁail sásta, agus go raiḃ an t-áḋ air, ċoṁ maiṫ agus air ḋuine air biṫ a ḃí beó. Bhí sé mar sin gan ḃrón gan ḃuaiḋreaḋ air feaḋ móráin bliaḋain i sláinte ṁaiṫ agus gan tinneas ná aicíd air féin ná air a ċloinn, no go dtáinig lá breáġ annsan ḃfóġṁar, a raiḃ sé dearcaḋ air a ċuid daoine ag deunaṁ féir annsan moínḟeur a ḃí a n-aice le na ṫeaċ féin, agus mar ḃí an lá ro ṫeiṫ d’ól sé deoċ bláṫaiċe agus ṡín sé é féin siar air an ḃfeur úr bainte, agus mar ḃí sé sáruiġṫe le teas an laé agus leis an obair a ḃí sé ag deunaṁ, do ṫuit sé gan ṁoill ’nna ċodlaḋ, agus d’ḟan sé mar sin air feaḋ tri no ceiṫre uair no go raiḃ an feur uile crapṫa agus go raiḃ a ḋaoine oibre imṫiġṫe as an bpáirc.

Nuair ḋúisiġ sé ann sin, ṡuiḋ sé suas air a ṫóin, agus ní raiḃ ḟios aige cia an áit a raiḃ sé, no gur ċuiṁniġ sé faoi ḋeire gur annsan ḃpáirc air ċúl a ṫíge féin do ḃí sé ’nna luiḋe. D’éiriġ sé ann sin agus ċuaiḋ sé air ais ċum a ṫiġe féin, agus air n-imṫeaċt dó, ṁoṫaiġ sé mar ṗian no mar ġreim ann a ḃoilg. Níor ċuir sé suim ann, aċt ṡuiḋ sé síos ag an teine agus ṫosuiġ sé ’gá ṫéiġeaḋ féin.

“Cá raiḃ tu?” ars an inġean leis.

“Bhí mé mo ċodlaḋ,” ar seisean, “air an ḃfeur úr ann sa’ bpáirc ’nna raiḃ siad ag deunaṁ an ḟéir.”

“Creud a ḃain duit,” ar sise, “ní ḟéuċann tu go maiṫ.”

“Muire! maiseaḋ! ni’l ḟios agam,” ar seisean, “aċt tá faitċios orm go ḃfuil rud éigin orm, is aisteaċ a ṁoṫaiġim me féin, ní raiḃ mé mar sin ariaṁ roiṁe seó, aċt béiḋ mé níos fearr nuair a ḃfuiġfiḋ mé codlaḋ maiṫ.”