Chuaiḋ sé d’á leabuiḋ agus luiḋ sé síos agus ṫuit sé ann a ċodlaḋ, agus níor ḋúisiġ sé go raiḃ an ġrian árd. D’éiriġ sé ann sin agus duḃairt a ḃean leis, “Creud do ḃí ort nuair rinn’ tu codlaḋ ċoṁ fada sin?”
“Níl ḟios agam,” ar seisean.
Chuaiḋ sé annsan g-cisteanaċ, n’áit a ḃí a inġean ag deunaṁ cáca le h-aġaiḋ an ḃreác-fast (biaḋ na maidne), agus duḃairt sise leis, “Cia an ċaoi ḃfuil tu andiú, ḃfuil aon ḃiseaċ ort a aṫair?”
“Fuair mé codlaḋ maiṫ,” ar seisean, “aċt ní’l mé blas níos fearr ’ná ḃí mé aréir, agus go deiṁin dá g-creidfeá mé, saoilim go ḃfuil rud éigin astiġ ionnam, ag riṫ anonn ’s anall ann mo ḃoilg o ṫaoiḃ go taoiḃ.”
“Ara ní féidir,” ar s an inġean, “is slaiġdeán a fuair tu ad’ luiġe amuiġ ané air an ḃfeur úr, agus muna ḃfuil tu níos fearr annsan traṫnóna cuirfimíd fios air an doċtúir.”
Ṫáinig an traṫnóna, aċt ḃí an duine boċt annsan gcaoi ċeudna, agus b’éigin dóiḃ fios ċur air an doċtúir. Bhí sé ag ráḋ go raiḃ pian air, agus naċ raiḃ ḟios aige go ceart cad é an áit ann a raiḃ an ṗian, agus nuair naċ raiḃ an doċtúir teaċt go luaṫ ḃí sgannruġaḋ mór air. Bhí muinntir an tiġe ag deunaṁ uile ṡóirt d’ḟeud siad ḋeunaṁ le meisneaċ a ċur ann.
Ṫáinig an doċtúir faoi ḋeire, agus d’ḟiafruiġ sé ḋé creud do ḃí air, agus duḃairt seisean arís go raiḃ rud éigin mar éinín ag léimniġ ann a ḃolg. Noċtuiġ an doċtúir é agus rinne sé ḃreaṫnuġaḋ maiṫ air, aċt ní ḟacaiḋ sé dadaṁ a ḃí as an m-bealaċ leis. Chuir sé a ċluas le na ṫaoiḃ agus le na ḋruim, aċt níor ċualaiḋ sé rud air biṫ ciḋ gó raiḃ an duine boċt é féin ag ráḋ—“Anois! Nois! naċ g-cluinn tu é? Nois! naċ ḃfuil tu ’g éisteaċt leis, ag léimniġ?” Aċt níor ṫug an doċtúir rud aír biṫ faoi deara, agus ṡaoil sé faoi ḋeire go raiḃ an fear as a ċéill, agus naċ raiḃ dadaṁ air.
Duḃairt sé le mnaoi an tiġe nuair ṫáinig sé amaċ, naċ raiḃ aon rud air a fear, aċt gur ċreid sé féin go raiḃ sé tinn, agus go g-cuirfeaḋ sé druganna ċuige an lá air na ṁáraċ a ḃéarfaḋ codlaḋ maiṫ ḋó, agus a ṡoċróċaḋ teas a ċuirp. Rinne sé sin, agus ṡluig an duine boċt na druganna uile agus fuair sé codlaḋ mór arís aċt nuair ḋúisiġ sé air maidin ḃí sé níos measa ’ná ’riaṁ, aċt duḃairt sé nár ċualaiḋ sé an rud ag léimniġ taoḃ astiġ ḋé anois.
Chuir siad fios air an doċtúir arís, agus ṫáinig se aċt níor ḟeud sé rud air biṫ ḋeunaṁ. D’ḟág sé druganna eile leis an ḃfear, agus duḃairt sé go dtiucfaḋ sé arís i g-ceann seaċtṁuine eile le na ḟeicsint. Ní ḃfuair an duine boċt fóiriġín air biṫ as ar ḟág an doċtúir leis, agus nuair dáinig an doċtúir arís fuair sé é níos measa na roiṁe sin; aċt níor ḟeud sé aon rud ḋéanaṁ agus ní raiḃ ḟios air biṫ aige cad é’n cineál tinnis do ḃí air. “Ní ḃéiḋ mé ag glacaḋ d’airgid uait feasta,” ar seisean, le mnaoi an tíġe, “mar naċ dtig liom rud air biṫ ḋéanaṁ annsan g-cúis seó; agus mar naċ dtuigim creud atá air, ní leigfiḋ mé orm é do ṫuigsint. Tiucfaiḋ mé le na ḟeicsint ó am go h-am aċt ní ġlacfaiḋ mé aon airgioḋ uait.”
Is air éigin d’ḟeud an ḃean an ḟearg do ḃí uirri do ċongṁáil asteaċ. Nuair ḃí an doċtúir imṫiġṫe ċruinniġ sí muinntir an tiġe le ċéile agus ġlac siad cóṁairle, “An doċtúir bradaċ sin,” ar sise, “ní fiú traiṫnín é. Ḃfuil ḟios aguiḃ creud duḃairt sé? naċ nglacfaḋ sé aon airgiod uainn feasta, agus duḃairt sé naċ raiḃ eólas air ḃiṫ aige air dadaṁ. ’Suf’ air! an biṫeaṁnaċ! ní ṫiucfaiḋ sé ṫar an tairseaċ só go bráṫ. Raċfamaoid go dtí an doċtúir eile, má tá sé níos faide uainn, féin, is cuma liom sin, caiṫfimíd a ḟáġail.” Bhí uile ḋuine a ḃí annsa teaċ air aon ḟocal léiṫe, agus ċuir siad fios air an doċtuir eile, agus nuair ṫáinig sé ní raiḃ aon eólas do ḃ’ ḟearr aige-sean ’ná do ḃí ag an g-ceud-ḋoċtúir aċt aṁáin go raiḃ eólas go leór aige air a n-airgiod do ġlacaḋ. Ṫáinig sé leis an duine tinn d’ḟeicsint, go minic, agus gaċ am a ṫáinig se do ḃí ainm eile aige níos faide ’na a ċéile air a ṫinneas, ainmneaċa (anmanna) nár ṫuig sé féin, ná duine air biṫ eile, aċt ḃí siad aige le sgannruġaḋ na n-daoine.