D’ḟan siad mar sin air feaḋ ḋá ṁí, gan ḟios ag duine air ḃiṫ creud do ḃí air an ḃfear ḃoċt, agus nuair naċ raiḃ an doċtúir sin ag déanaṁ maiṫ air biṫ ḋó, fuair siad doċtúir eile, agus ann sin doċtúir eile, no go saiḃ uile ḋoċtúir a ḃí annsa’ g-condaé aca, saoi ḋeire, agus ċaill siad a lán airgid leó, agus b’éigin dóiḃ cuid d’á n-eallaċ ḋíol le h-airgiod ḟáġail le na n-íoc.
Bhí siad mar sin le leiṫ-ḃliaḋain ag congṁáil doċtuir leis, agus na doċtúiriḋ ag taḃairt druganna ḋó, agus an duine boċt a ḃí raṁar beaṫaiġṫe roiṁe sin, ag éiriġe lom agus tana, go naċ raiḃ unsa feóla air, aċt an croicion agus na cnáṁa aṁáin.
Bhí sé faoi ḋeire ċoṁ dona sin gur air éigin d’ḟeud sé siúḃal, agus d’imṫiġ a ġoile uaiḋ, agus buḋ ṁór an ṫriobloíd leis, greim aráin ḃuig, no deoċ bainne úir do ṡlugaḋ agus ḃí uile ḋuine ag ráḋ go m-b’ḟearr dó bás ḟáġail, agus buḋ ḃeag an t-iongnaḋ sin, mar naċ raiḃ ann aċt mar ḃeiḋeaḋ sgáile i mbuideul.
Aon lá aṁáin, nuair ḃí sé ’nna ṡuiḋe air ċáṫaoir ag doras an tiġe, ’gá ġrianuġaḋ féin ann san teas, agus muinntir an tiġe uile imṫiġṫe amaċ, agus gan duine ann aċt é féin, ṫáinig seanduine boċt a ḃí ag iarraiḋ déirce o áit go h-áit suas ċum an dorais, agus d’aiṫniġ sé fear an tiġe ’nna ṡuiḋe annsa’ g-cáṫaoir, aċt ḃí sé ċoṁ h-aṫruiġṫe sin agus ċoṁ caiṫte sin gur air éigin d’aiṫneóċaḋ duine é. “Tá mé ann só arís ag iarraiḋ déirce ann ainm Dé,” ars an fear boċt, “aċt glóir do Ḍia a ṁáiġistir creud do ḃain duit ní tusa an fear céudna a ċonnairc mé leiṫ-ḃliaḋain ó ṡoin nuair ḃí mé ann só, go ḃfóiriġ Dia ort.”
“Ara a Sheumais,” ar san fear tinn, “is mise naċ ḃfeudfaḋ innsint duit creud do ḃain dam, aċt tá ḟios agam air aon rud, naċ mḃéiḋ mé ḃfad air an t-saoġal so.”
“Aċt tá brón orm d’ḟeicsint mar tá tu,” ar san déirceaċ, “naċ dtig leat innsint dam cia an ċaoi ar ṫosuiġ sé leat? creud a duḃairt na doċtúiriḋ?”
“Na doċtúiriḋ!” ar san fear tinn, “mo ṁallaċt orra! ní’l ḟios air dadaṁ aca, act ní ċóir dam ḃeiṫ ag eascuine agus mise ċoṁ fogas sin dom’ ḃas, ’súf’ orra, ni’l eólas air biṫ aca.”
“B’éidir,” ar san déirceaċ, “go ḃfeudfainn féin biseaċ ṫaḃairt duit, dá n-inneósá ḋam creud atá ort. Deir siad go mbíḋim eólaċ air aicídiḃ, agus air na luiḃeannaiḃ atá maiṫ le na leiġeas.”
Rinne an fear tinn gáire. “Ní’l fear-leiġis ann sa’ g-condaé,” ar sé, “naċ raiḃ ann só liom; naċ ḃfuil leaṫ an eallaiġ a ḃí agam air an ḃfeilm díolta le na n-íoc! aċt ní ḃfuair mé fóiriġin dá laġad ó ḋuine air biṫ aca, aċt inneósaiḋ mé ḋuit-se mar d’éiriġ sé ḋam air dtús.” Agus ann sin ṫug sé cúntas dó air uile ṗian a ṁoṫuiġ sé, agus air uile rud a d’orduiġ na doċtúiriḋ.
D’éist an déirceaċ leis go cúramaċ, agus nuair ċríoċnuiġ sé an sgeul uile, d’ḟiafruiġ sé ḋé, “cad é an sórt páirce í air ar ṫuit tu do ċodlaḋ?”