“Is móinḟeur a ḃí ann,” ar san duine tinn, “aċt ḃí sé go díreaċ bainte, ann san am sin.”
“Raiḃ sé fliuċ,” ars an déirceaċ.
“Ní raiḃ,” ar seisean.
“Raiḃ sroṫán uisge no caise a’ riṫ ṫríd?” ars an déirceaċ.
“Bhi,” ar seisean.
“An dtig liom an ṗáirc ḟeicsint?”
“Tig go deiṁin, agus taisbéunfaiḋ mé ḋuit anois é.”
D’éiriġ sé as a ċáṫaoir agus ċoṁ dona agus ḃí sé, stráċail sé é féin air aġaiḋ, no go dtáinig sé ċum na h-áite ann ar luiḋ sé ’nna ċodlaḋ an traṫnóna sin. Bhreaṫnuiġ fear-na-déirce air an áit, tamall fada, agus ann sin ċrom sé air an ḃfeur agus ċuaiḋ sé anonn ’s anall agus a ċorp lúbṫa agus a ċeann cromṫa ag smeurṫaċt ann sna luiḃeannaiḃ, agus ameasg an luiḃearnaiġ do ḃí ag fás go tiuġ ann.
D’éiriġ sé faoi ḋeire, agus duḃairt sé, “Ta sé mar ṡaoil mé,” agus ċrom sé é féin síos arís, agus ṫosuiġ ag cuartuġaḋ mar roiṁe sin. Ṫóg sé a ċeann an dara uair, agus ḃí luiḃ ḃeag ġlas ann a láiṁ. “An ḃfeiceann tu sin,” ar sé, “áit air biṫ ann Éirínn a ḃfásann an luiḃ seó ann, bíonn alp-luaċra anaice leis, agus ṡluig tu alp-luaċra.”
“Cad é an ċaoi ḃfuil ḟios agad sin?” ars an duine tinn, “dá mbuḋ mar sin do ḃí sé, is dóiġ go n-inneósaḋ na doċtúiriḋ ḋam é roiṁe seo.”