“Go dtugaiḋ Dia ciall duit, na bac leis na doċtúiriḃ,” ars an déirceaċ, “ni’l ionnta aċt eallta amadán. A deirim leat arís, agus creid mise, gur alp-luaċra a ṡluig tu; naċ duḃairt tu féin gur ṁoṫuiġ tu rud éigin ag léimniġ ann do ḃolg an ċéad lá ’réis ṫu ḃeiṫ tinn. B’é sin an alp-luaċra, agus mar do ḃí an áit sin ann do ḃolg strainseuraċ leis i dtosaċ, ḃí sé mí-ṡuaiṁneaċ innti, ag dul anonn ’s anall, aċt nuair ḃí sé cúpla lá innti, ṡocruiġ sé é féin, agus fuair sé an áit compórtaṁail agus sin é an t-áḋḃar fá ḃfuil tu ag congṁáil ċoṁ tana sin; mar uile ġreim d’á ḃfuil tu ag iṫe bíonn an alp-luaċra sin ag fáġail an ṁaiṫ as. Agus duḃairt tu féin liom go raiḃ do leaṫ-ṫaoḃ aṫta, is í sin an taoḃ ’n áit a ḃfuil an rud gránna ’nna ċóṁnuiḋe.”

Níor ċreid an fear é, a dtosaċ, aċt lean an déirceaċ dá ċóṁráḋ leis, ag cruṫuġaḋ ḋó, gur b’ é an ḟírinne a ḃí sé ag raḋ, agus nuair ṫáiniġ a ḃean agus a inġean air ais arís do’n teaċ, laḃair sé leó-san an ċaoi ċeudna agus ḃí siad réiḋ go leór le na ċreideaṁaint.

Níor ċreid an duine tinn, é féin, é, aċt ḃí siad uile ag laḃairt leis, go ḃfuair siad buaiḋ air, faoí ḋeire; agus ṫug sé cead dóiḃ trí doċtúiriḋe do ġlaoḋaċ asteaċ le ċéile, go n-inneósaḋ se an sgeul nuaḋ so ḋóiḃ. Ṫáinig an triúr le ċéile, agus nuair d’éist siad leis an méad a ḃí an déirceaċ ag rád, agus le cóṁráḋ na mban, rinne siad gáire agus duḃairt siad naċ raiḃ ionnta aċt amadáin uile go léir, agus gurb’é rud eile amaċ ’s amaċ a ḃí air ḟear-an-tiġe, agus gaċ ainm a ḃí aca air a ṫinneas an t-am so, ḃí sé dá uair, ’s trí huaire níos faide ’ná roiṁe sin. D’ḟág siad buidéul no cúpla buideul le n-ól ag an ḃfear boċt, agus d’imṫiġ siad leó, ag magaḋ faoi an rud a duḃairt na mná gur ṡluig sé an alp-luaċra.

Duḃairt an déirceaċ nuair ḃí siad imṫiġṫe. “Ní’l iongantas air biṫ orm naċ ḃfuil tu fáġail beisiġ má’s amadáin mar iad sin atá leat. Ní’l aon doċtúir ná fear-leiġis i n-Éirinn anois a ḋéanfas aon ṁaiṫ ḋuit-se aċt aon ḟear aṁáin, agus is sé sin Mac Diarmada, Prionnsa Chúl-Ui-Ḃfinn air ḃruaċ loċa-Ui-Ġeaḋra an doċtúir is fearr i g-Connaċtaiḃ ná ’sna cúig cúigiḃ.” “Cá ḃfuil loċ-Ui-Ġeaḋra?” ars an duine tinn. “Shíos i g-condaé Shligíġ; is loċ mór é, agus tá an Prionnsa ’nna ċóṁnuiḋe air a ḃruaċ,” ar sé, “agus má ġlacann tu mo ċóṁairle-se raċfaiḋ tu ann, mar ’s é an ċaoi ḋeireannaċ atá agad, agus buḋ ċóir duit-se, a ṁáiġistreas,” ar sé ag tiontóḋ le mnaoi an tiġe, “do ċur iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air, dul ann, má’s maiṫ leat d’ḟear a ḃeiṫ beó.”

“Maiseaḋ,” ars an ḃean, “ḋeunfainn rud air biṫ a ṡlánóċaḋ é.”

“Mar sin, cuir go dti Prionnsa Chúil-Ui-Ḃfinn é,” ar seisean.

“Dheunfainn féin rud air biṫ le mo ṡlánuġaḋ,” ars an fear tinn, “mar tá’s agam naċ ḃfuil a ḃfad agam le marṫain air an t-saoġal so, muna ndeuntar rud éigin dam a ḃéarfas congnaṁ agus fóiríġin dam.”

“Mar sin, téiḋ go dtí an Prionnsa,” ar san déirceaċ.

“Rud air biṫ a ṁeasann tu go ndeunfaiḋ sé maiṫ ḋuit buḋ ċóir ḋuit a ḋéanaṁ, a aṫair,” ars an inġean.

“Ní’l dadaṁ le déanaṁ maiṫ ḋó aċt dul go dtí an Prionnsa,” ars an déirceaċ.