Is mar sin ḃí siad ag árgúint agus ag cuiḃlint go dtí an oiḋċe, agus fuair an déirceaċ leabuiḋ tuiġe annsa’ sgioból agus ṫosuiġ sé ag árgúint arís air maidin go mbuḋ ċóir dul go dtí an Prionnsa, agus ḃí an ḃean agus an inġean air aon ḟocal leis, agus fuair siad buaiḋ air an ḃfear tinn, faoi ḋeire; agus duḃairt sé go raċfaḋ sé, agus duḃairt an inġean go raċfaḋ sise leis, le taḃairt aire ḋó, agus duḃairt an déirceaċ go raċfaḋ seisean leó-san le taisbéant an ḃoṫair dóiḃ. “Agus béiḋ mise,” ars an ḃean, “air ṗonc an ḃáis le h-imniḋe ag fanaṁaint liḃ, go dtiucfaiḋ siḃ air ais.”
D’úġmuiġ siad an capall agus ċuir siad faoi an gcairt é, agus ġlac siad lón seaċtṁuine leó, arán agus bagún agus uiḃeaċa, agus d’imṫiġ siad leó. Níor ḟeud siad dul ró ḟada an ċeud lá, mar ḃí an fear tinn ċoṁ lag sin nár ḟeud sé an craṫaḋ a ḃí sé fáġail annsa’ g-cairt ṡeasaṁ, aċt ḃí sé níos fearr an dara lá, agus d’ḟan siad uile i dteaċ feilméara air taoiḃ an ḃóṫair an oiḋċe sin agus ċuaiḋ siad air aġaiḋ arís air maidin, agus an troṁaḋ lá annsan traṫnóna ṫáinig siad go h-áit-ċóṁnuiḋe an Phrionnsa. Bhí teaċ deas aige air ḃruaċ an loċa, le cúṁdaċ tuiġe air, ameasg na g-crann.
D’ḟág siad an capall agus an cairt i mbaile beag a ḃí anaice le háit an Phrionnsa, agus ṡiúḃail siad uile le ċéile go d-táinig siad ċum an tiġe. Chuaiḋ siad asteaċ ’san g-cisteanaċ agus d’ḟíaḟruiġ siad, “ar ḟeud siad an Prionnsa d’ḟeicsint.” Duḃairt an searḃfóġanta go raiḃ sé ag iṫe a ḃéile aċt go dtiucfaḋ sé, b’éidir, nuair ḃeiḋeaḋ sé réiḋ.
Ṫáinig an Prionnsa féin asteaċ air an móimid sin agus d’ḟiaḟruiġ sé ḋíoḃ creud do ḃí siad ag iarraiḋ. D’éiriġ an fear tinn agus duḃairt sé leis gur ag iarraiḋ conġnaṁ ó na onóir do ḃí sé, agus d’innis sé an sgeul uile dó. “’Nois an dtig le d’onóir aon ḟóiriġín ṫaḃairt dam?” ar sé, nuair ċríoċnuiġ sé a sgéul.
“Tá súil agam go dtig liom,” ar san Prionnsa, “air ṁóḋ air biṫ déanfaiḋ mé mo ḋíṫċioll air do ṡon, mar ṫáinig tu ċoṁ fada sin le m’ḟeicsint-se. B’olc an ceart dam gan mo ḋíṫċioll ḋeunaṁ. Tar suas annsa bpárlúis. Is fíor an rud a duḃairt an sean duine atá ann sin leat. Shluig tu alp-luaċra, no rud éigin eile. Tar suas ’sa’ bpárlúis liom.”
Ṫug sé suas leis é, agus is é an béile a ḃí aige an lá sin giota mór de ṁairtḟeóil ṡaillte. Ghearr sé greim mór agus ċuir sé air ṗláta é, agus ṫug sé do’n duine boċt le n-íṫe é.
“Óró! Créad atá d’ onóir ag déanaṁ ann sin anois,” ars an duine boċt, “níor ṡluig mé oiread agus toirt uiḃe d’ḟeóil air biṫ le ráiṫċe, ni’l aon ġoile agam, ní ṫig liom dadaṁ iṫe.”
“Bí do ṫost a ḋuine,” ars an Prionnsa, “iṫ é sin nuair a deirim leat é.”
D’iṫ an fear boċt an oiread agus d’ḟeud sé, aċt nuair leig sé an sgian agus an ġaḃlóg as a láiṁ ċuir an Prionnsa iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air iad do ṫógḃáil arís, agus do ṫosuġaḋ as an nuaḋ. Ċongḃuiġ sé ann sin é ag iṫe, go raiḃ sé réiḋ le pleusgaḋ, agus níor ḟeud sé faoi ḋeire aon ġreim eile ṡlugaḋ dá ḃfáġaḋ se ceud púnta.