Nuair ċonnairc an Prionnsa naċ dtiucfaḋ leis tuilleaḋ do ṡlugaḋ, ṫug sé amaċ as an teaċ é, agus duḃairt sé leis an inġin agus leis an t-sean-déirceaċ iad do leanaṁaint, agus rug sé an fear leis, amaċ go móinḟéur breáġ glas do ḃí os coinne an tiġe, agus sróṫán beag uisge ag riṫ tríd an móinḟeur.
Ṫug sé go bruaċ an t-sroṫáin é, agus duḃairt sé leis, luiḋe síos air a ḃolg agus a ċeann ċongḃáil os cionn an uisge, agus a ḃeul d’ḟosgailt ċoṁ mór agus d’ḟeudfaḋ sé, agus a ċongḃáil, beag-naċ, ag baint leis an uisge, “agus fan ann sin go ciúin agus na corruiġ, air d’anam,” ar sé, “go ḃfeicfiḋ tu creud éireóċas duit.”
Gheall an fear boċt go mbeiḋeaḋ sé socair, agus ṡín sé a ċorp air an ḃfeur, agus ċongḃuiġ sé a ḃeul fosgailte os cionn an t-sroṫáin uisge, agus d’ḟan sé ann sin gan corruġaḋ.
Chuaiḋ an Prionnsa timċioll cúig slata air ais, air a ċúl, agus ṫarraing sé an inġean agus an sean-ḟear leis, agus is é an focal deireannaċ a duḃairt sé leis an ḃfear tinn, “bí cinnte” ar sé, “agus air d’anam na cuir cor asad, cia bé air biṫ rud éireóċas duit.”
Ni raiḃ an duine boċt ceaṫraṁaḋ uaire ’nna luiḋe mar sin nuair ṫosuiġ rud éigin ag corruġaḋ taoḃ astiġ ḋé agus ṁoṫaiġ sé rud éigin ag teaċt suas ann a sgornaċ, agus ag dul air ais arís. Ṫáinig sé suas, agus ċuaiḋ sé air ais trí no ceiṫre uaire anḋiaiġ a ċéile. Ṫáinig sé faoi ḋeire go dtí a ḃeul, agus ṡeas sé air ḃárr a ṫeanga aċt sgannruiġ sé agus ċuaiḋ sé air ais arís, aċt i gceann tamaill ḃig ṫáinig sé suas an dara uair, agus ṡeas sé air ḃárr a ṫeanga, agus léim sé síos faoi ḋeire annsan uisge Bhi an Prionnsa ag breaṫnuġaḋ go geur air, agus ġlaoḋ sé amaċ, “na corruiġ fós,” mar ḃí an fear dul ag éiriġe.
B’éigin do’n duine boċt a ḃeul ḟosgailt arís agus d’ḟan sé an ċaoi ċeudna, agus ní raiḃ sé móimid ann, no go dtáinig an dara rud suas ann a sgornaċ an ċaoi ċeuḋna, agus ċuaiḋ sé air ais arís cúpla uair, aṁail a’s mar ḃí sé sgannruiġṫe, aċt faoi ḋeire ṫáinig seisean mar an ċeud-ċeann suas go dti an beul agus ṡeas sé air ḃárr a ṫeanga, agus faoi ḋeire nuair ṁoṫuiġ sé bolaḋ an uisge faoi, léim sé síos annsan tsroṫán.
Chogair an Prionnsa, agus duḃairt sé “Nois tá ’n tart ag teaċt orra, d’oibriġ an salann a ḃí ’sa’ mairtḟeóil íad; nois tiucfaiḋ siad amaċ.” Agus sul do ḃí an focal as a ḃeul ṫuit an tríoṁaḋ ceann le “plap” annsan uisge, agus mómid ’nna ḋiaiġ sin, léim ceann eile síos ann, agus ann sin ceann eile, no gur ċóṁairiġ siad, cúiġ, sé, seaċt, oċt, naoi, deiċ g-cinn, aon ċeann deug, dá ċeann deug.
“Sin duisín aca anois,” ar san Prionnsa, “Sin é an t-ál, níor ṫáinig an t-sean-ṁáṫair fós.”
Bhí an fear ḃoċt dul ’g eíriġe arís, aċt ġlaoḋ an Prionnsa air. “Fan mar a ḃfuil tu, níor ṫáinig an ṁáṫair.”