D’ḟan sé mar do ḃí sé, aċt níor ṫáinig aon ċeann eile amaċ, agus d’ḟan sé níos mó ná ceaṫraṁaḋ uaire. Bhí an Prionnsa féin ag éirige mí-ṡuaimneaċ, air eagla naċ g-corróċaḋ an sean-Alt-pluaċra ċor air biṫ. Bhí an duine boċt ċoṁ sáruiġṫe sin agus ċoṁ lag sin go m’ b’ḟearr leis éiriġe ’ná fanaṁaint mar a raiḃ sé, agus ann ainḋeóin gaċ ruid a duḃairt an Prionnsa ḃí sé ag seasaṁ suas, nuair rug an Prionnsa air a leaṫ-ċois agus an déirceaċ air an g-cois eile, agus do ċongḃuiġ siad síos é gan ḃuiḋeaċas dó.
D’ḟan siad ceaṫraṁaḋ uaire eile, gan ḟocal do ráḋ, agus i g-ceann an ama sin ṁoṫuiġ an duine boċt rud éigin ag corruġaḋ arís ann a ṫaoiḃ, aċt seaċt n-uaire níos measa ’na roiṁe seó, agus is air éigin d’ḟeud sé é féin do ċongḃáil o sgreadaċ. Bhí an rud sin ag corruġaḋ le tamall maiṫ ann, agus ṡaoil sé go raiḃ a ċorp reubṫa an taoḃ astíġ leis. Ann sin ṫosuiġ an rud ag teaċt suas, agus ṫáinig sé go dtí a ḃeul agus cuaiḋ sé air ais arís. Ṫáinig sé faoi ḋeire ċoṁ fada sin gur ċuir an duine boċt a ḋá ṁeur ann a ḃeul agus ṡaoil sé greim ḟáġail uirri. Aċt má’s obann ċuir sé a ṁeura ’steaċ is luaiṫe ’ná sin ċuaiḋ an tsean alt-pluaċra air ais.
“’Ór! a ḃiṫeaṁnaiġ!” ar san Prionnsa, “cad ċuige rinn’ tu sin? Naċ duḃairt mé leat gan cor do ċur asad. Má ṫig sé suas arís fan go socair.” B’ éigin dóiḃ fanaṁaint le leaṫ-uair mar do ḃí sean-ṁáṫair na n-alp-luaċra sgannruiġṫe, agus ḃí faitċios urri ṫeaċt amaċ. Aċt ṫáinig sí suas arís, faoi ḋeire; b’éidir go raiḃ an iomarcuiḋ tart’ urri agus níor ḟeud sí bolaḋ an uisge a ḃí ag cur caṫuiġṫe uirri ṡeasaṁ, no b’éidir go raiḃ sí uaigneaċ ’r éis a clainne d’imṫeaċt uaiṫi. Air ṁóḋ air biṫ ṫáinig sí amaċ go bárr á ḃéil agus ṡeas sí air a ṫeanga ċoṁ fad agus ḃeiṫeá ag cóṁaireaṁ ceiṫre fiċiḋ, agus ann sin léim sí mar do léim a h-ál roimpi, asteaċ ’san uisge, agus buḋ ṫruime toran a tuitim’ seaċt n-uaire, ’ná an plap a rinne a clann.
Bhí an Prionnsa agus an ḃeirt eile ag breaṫnuġaḋ air sin, go h-iomlán, agus buḋ ḃeag naċ raiḃ faitċios orra, a n-anál do ṫarraing, air eagla go sgannróċaḋ siad an beiṫiḋeaċ gránna. Ċoṁ luaṫ agus léim sí asteaċ ’san uisge ṫarraing siad an fear air ais, agus ċuir siad air a ḋá ċois arís é.
Bhí se trí huaire gan ḟocal do laḃairt, aċt an ċeud ḟocal a duḃairt sé, buḋ h-é “is duine nuaḋ mé.”
Ċongḃuiġ an Prionnsa ann a ṫeaċ féin le coicíḋeas é, agus ṫug se aire ṁór agus beaṫuġaḋ maiṫ ḋó. Leig sé ḋó imṫeaċt ann sin, agus an inġean agus an déirceaċ leis, agus ḋiúltuiġ sé oiread agus píġin do ġlacaḋ uaṫa.
“B’ḟearr liom ’ná deiċ bpúnta air mo láiṁ féin,” ar sé, “gur ṫionntuiġ mo leiġeas amaċ ċoṁ maiṫ sin; nár leigfiḋ. Dia go nglacfainn piġin no leiṫ-ṗi’n uait. Chaill tu go leór le doċtúiriḃ ċeana.”
Ṫáinig siad a ḃaile go sáḃálta, agus d’éiriġ sé slán arís agus raṁar. Bhí sé ċoṁ buiḋeaċ de’n deirceaċ boċt gur ċongḃuiġ sé ann a ṫeaċ féin go dtí a ḃás é. Agus ċoṁ fad a’s ḃí sé féin beó níor luiḋ sé síos air an ḃfeur glas arís. Agus, rud eile; dá mbeiḋeaḋ tinneas no easláinte air, ní h-iad na doċtúiriḋ a ġlaoḋaḋ sé asteaċ.
Búḋ ḃeag an t-iongnaḋ sin!