“Támaoid dul báire ḃualaḋ ann aġaiḋ sluaiġ-síḋ Ṁúṁan anoċt, agus muna mbuailfimíd iad tá ár g-clú imṫiġṫe go deó. Tá an báire le ḃeiṫ buailte air Ṁáiġ-Túra faoi ṡliaḃ Belgadáin.”

“Támaoid uile réiḋ,” ar sluaġ-siḋ Ċonnaċt, “agus ní’l aṁras againn naċ mbuailfimíd iad.”

“Amaċ liḃ uile,” ar san t-árd-ríġ, “béiḋ fir Ċnuic Néifin air an talaṁ rómainn.”

D’imṫiġeadar uile amaċ, agus Dóṁnal beag agus dá ’r ḋeug píobaire eile rómpa ag seinm ceóil ḃinn. Nuair ṫángadar go Máġ-Túra ḃí sluaġ-síḋ Ṁúṁan agus siḋḟir Ċnuic Néifin rompa. Anois, is éigin do’n tsluaġ-síḋ beirt ḟear beó do ḃeiṫ i láṫair nuair a ḃíonn siad ag troid no ag bualaḋ báire, agus sin é an fáṫ rug Ḍóṁnal beag Páidín O Ceallaiġ leis. Ḃí fear dar ab ainm an Stangaire Buiḋe ó Innis i g-condaé an Chláir le sluaġ-síḋ Ṁúṁan.

Níor ḃfada gur ġlac an dá ṡluaġ taoḃa, caiṫeaḋ suas an liaṫróid agus ṫosuiġ an greann ná ríriḃ.

Ḃí siad ag bualaḋ báire agus na píobairiḋe ag seinm ceóil, go ḃfacaiḋ Páidín O Ceallaiġ sluaġ Ṁúṁan ag fáġail na láiṁe láidre, agus ṫosuiġ sé ag cuideaċtain le sluaġ-siḋ Ċonnaċt. Ṫáinig an Stangaire i láṫair agus d’ionnsuiġ sé Páidín O Ceallaiġ, aċt níor ḃfada gur ċuir Páidín an Stangaire Buiḋe air a ṫar-an-áirde. Ó ḃualaḋ-báire, ṫosuiġ an dá ṡluaġ ag troid, aċt níor ḃfada gur ḃuail sluaġ Ċonnaċt an sluaġ eile. Ann sin rinne sluaġ Ṁúṁan priompolláin díoḃ féin, agus ṫosuiġ siad ag iṫe uile níḋ glas d’á dtáinig siad suas leis. Ḃíodar ag sgrios na tíre rompa, go dtangadar ċoṁ fada le Conga, nuair d’éiriġ na mílte colam as Ṗoll-mór agus ṡluig siad na priompolláin. Ní’l aon ainm air an bpoll go dtí an lá so aċt Poll-na-gcolam.

Nuair ġnóṫuiġ sluaġ Ċonnaċt an caṫ, ṫángadar air ais go Cnoc Maṫa, luṫġáireaċ go leór, agus ṫug an ríġ Finḃeara sporán óir do Ṗáidín O Ceallaiġ, agus ṫug an píobaire beag a ḃaile é, agus ċuir sé ’nna ċodlaḋ le na ṁnaoi é.

Ċuaiḋ mí ṫart ann sin, agus ní ṫárla aon niḋ do b’ḟiú a innsint; aċt aon oiḋċe aṁáin ċuaiḋ Páidín síos ’san tsoiléar agus duḃairt an fear beag leis, “Tá mo ṁáṫair marḃ, agus dóġ an boṫán os a cionn.”

“Is fíor duit,” ar Páidín, “duḃairt sí naċ raiḃ sí le ḃeiṫ air an t-saoġal so aċt mí, agus tá an ṁí suas andé.”

Air maidin, an lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ Páidín cum an ḃoṫáin agus fuair sé an ċailleaċ marḃ. Chuirsé splanc faoi an mboṫán agus ḋóiġ sé é Ṫáinig sé a ḃaile ann sin, agus d’innis sé do’n ḟear beag go raiḃ an boṫán dóiġte. Ṫug an fear beag sporán dó agus duḃairt, “Ní ḃéiḋ an sporán sin folaṁ ċoṁ ḟad agus ḃéiḋeas tu beó. Slán leat anois. Ní ḟeicfiḋ tu mé níos mó, aċt bíoḋ cuiṁne gráḋaċ agad air an easóig. B’ise tosaċ agus príoṁ-áḋḃar do ṡaiḋḃris.”