“Táim ag dul go Dún-na-síḋ anoċt, le ceól do ṡeinm do na daoiniḃ maiṫe, agus má ṫagann tu liom feicfiḋ tu greann breáġ. Ḃéarfaiḋ mé capall duit naċ ḃfacaiḋ tu a leiṫeid asiaṁ roiṁe.”

“Raċfad agus fáilte,” ar Páidín, “aċt cia an leis-sgeul a ḋeunfas mé le mo ṁnaoi?”

“Téiḋ do ċodlaḋ léiṫe, agus ḃéarfaiḋ mise amaċ ó n-a taoiḃ ṫu, a gan ḟios dí, agus ḃéarfaiḋ mé air ais ṫu an ċaoi ċeudna,” ar san fear beag.

“Táim úṁal,” ar Páidín, “béiḋ deoċ eile agam sul a dtéiḋ mé as do láṫair.”

D’ól sé deoċ andiaiġ díġe, go raiḃ sé leaṫ air meisge agus ċuaiḋ sé ’nn a leabuiḋ ann sin le na ṁnaoi.

Nuair ḋúisiġ sé fuair sé é féin ag marcuiġeaċt air sguaib i ngar do Ḍún-na-síḋ, agus an fear beag ag marcuiġeaċt air sguaib eile le na ṫaoiḃ. Nuair táinig siad ċoṁ fada le cnoc glas an Dúin, laḃair an fear beag cúpla focal nár ṫuig Páidín; d’ḟosgail an cnoc glas, agus ċuaiḋ Páidín asteaċ i seomra breáġ.

Ní ḟacaiḋ Páidín aon ċruinniuġaḋ ariaṁ mar ḃí ann san dún. Ḃí an áit líonta de ḋaoiniḃ beaga, ḃí fir agus mná ann, sean agus óg. Chuireadar uile fáilte roiṁ Dóṁnal agus roiṁ Páidín O Ceallaiġ. B’é Dóṁnal ainm an ṗíoḃaire ḃig. Ṫáinig ríġ agus bainríoġan na síḋ ’nna láṫair agus duḃairt siad:

“Támaoid uile ag dul go Cnoc Maṫa anoċt, air cuairt go h-árd-riġ agus go bainríoġain ár ndaoine.”

D’éiriġ an t-iomlán aca, agus ċuaiḋ siad amaċ. Ḃí capaill réiḋ ag gaċ aon aca, agus an Cóiste Boḋar le h-aġaiḋ an ríġ agus an bainríoġna. Ċuadar asteaċ ’san g-cóiste. Léim gaċ duine air a ċapall féin, agus bí cinnte naċ raiḃ Páidín air deireaḋ. Ċuaiḋ an píobaire amaċ rompa, agus ṫosuiġ ag seinm ceóil dóiḃ, agus as go bráṫ leó. Níor ḃfada go dtángadar go Cnoc Maṫa. D’ḟosgail an cnoc agus ċuaiḋ an sluaġ síḋ asteaċ.

Ḃí Finḃeara agus Nuala ann sin, árd-ríġ agus bainríoġan Ṡluaiġ-síḋ Ċonnaċt, agus mílte de ḋaoiniḃ beaga. Ṫáinig Finḃeara a láṫair agus duḃairt: