“Tá go deiṁin,” ar Páidín, “agus is maiṫ an daṁsóir mé.”
“Tóg suas an leac ṁór atá ’san g-coirneul úd, agus geoḃaiḋ tu mo ṗíobaiḋ fúiṫi.”
Ṫóg Páidín an leac, fuair na píobaiḋ, agus ṫug do ’n ḟear beag iad. D’ḟáisg sé na píobaiḋ air, agus ṫosuiġ sé ag seinm ceóil ḃinn. Ṫosuiġ Páidín ag daṁsa go raiḃ sé tuirseaċ. Ann sin bí deoċ eile aca, agus duḃairt an fear beag:
“Deun mar duḃairt mo ṁáṫair leat, agus taisbéanfaiḋ mise saiḋḃreas mór duit. Tig leat do ḃean ṫaḃairt ann so, aċt ná h-innis dí go ḃfuil mise ann, agus ní ḟeicfiḋ fí mé. Am air biṫ a ḃéiḋeas lionn nó fíon ag teastáil uait tar ann so agus tarraing é. Slán leat anois, agus téiḋ ann do ċodlaḋ, agus tar ċugam-sa an oiḋċe amáraċ.”
Cuaiḋ Páidín ’nna leabuiḋ, agus níor ḃfada go raiḃ sé ’nna ċodlaḋ.
Air maidin, lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ Páidín a ḃaile agus ṫug a ḃean agus a ċlann go dtí an teaċ mór, agus ḃíodar go sona. An oiḋċe sin ċuaiḋ Páidín síos ann san tsoiléar. Ċuir an fear beag fáilte roiṁe, agus d’iarr air “raiḃ fonn daṁsa air?”
“Ní’l go ḃfáġ’ mé deoċ,” ar Páidín.
“Ól do ṡaiṫ,” ar san fear beag, “ní ḃéiḋ an ḃáirille sin folaṁ fad do ḃeaṫa.”
D’ól Páidín lán an ċoirn agus ṫug deoċ do ’n ḟear ḃeag; ann sin duḃairt an fear beag leis: