“Seaḋ,” ar Liam, “tá mé dul ’gá ḋíol le mo ċíos d’íoc.”
“Cia ṁéad atá ann?” ar san duine uasal.
“Tá tonna cneasta ann,” ar Liam.
“Ceannóċaiḋ mé uait é,” ar san duine uasal, “agus ḃéarfaiḋ mé an luaċ is mó ’sa’ masgaḋ ḋuit. Nuair a raċfas tu ċoṁ fad leis an mbóṫairín cártaċ atá air do láiṁ ċlé, cas asteaċ agus ḃí ag imṫeaċt go dtagaiḋ tu go teaċ mór atá i ngleann, agus ḃéiḋ mise ann sin róṁad le d’ airgiod do ṫaḃairt duit.”
Nuair ṫáinig Liam ċoṁ fada leis an mbóṫairín ċas sé asteaċ, agus ḃí sé ag imṫeaċt go dtáinig sé ċoṁ fada le teaċ mór. Ḃí iongantas air Liam nuair ċonnairc sé an teaċ mór, mar rugaḋ agus tógaḋ ann san g-cóṁarsanaċt é, agus ní ḟacaiḋ sé an teaċ mór ariaṁ roiṁe, cíḋ go raiḃ eólas aige air uile ṫeaċ i ḃfoiġseaċt cúig ṁíle ḋó.
Nuair ṫáinig Liam i ngar do sgioból a ḃí anaice leis an teaċ mór ṫáinig buaċaill beag amaċ agus duḃairt, “céad míle fáilte róṁad a Liaim Ui Ruanaiġ,” ċuir sac air a ḋruim agus ṫug asteaċ é. Ṫáinig buaċaill beag eile amaċ, ċuir fáilte roiṁ Liam, ċuir sac air a ḋruim, agus d’imṫiġ asteaċ leis. Ḃí buaċailliḋe ag teaċt, ag cur fáilte roiṁ Liam, agus ag taḃairt sac leó, go raiḃ an tonna cruiṫneaċta imṫiġṫe. Ann sin ṫáinig iomlán na mbuaċaill i láṫair agus duḃairt Liam leó. “Tá eólas agaiḃ uile orm-sa agus ní’l eólas agam-sa orraiḃse.” Ann sin duḃradar leis, “téiḋ asteaċ, agus iṫ do ḋínnéar, tá an máiġistir ag fanaṁaint leat.”
Ċuaiḋ Liam asteaċ agus ṡuiḋ sé síos ag an mbord. Níor iṫ sé an dara greim go dtáinig trom-ċodlaḋ air agus ṫuit sé faoi an mbord. Ann sin rinne an draoiḋ-eadóir fear-bréige cosṁúil le Liam, agus ċuir a ḃaile ċum mná Liaim é, leis an g-capall, agus leis an g-cairt. Nuair ṫáinig sé go teaċ Liaim ċuaiḋ sé suas ann san t-seomra, luiḋ air leabuiḋ, agus fuair bás.
Níor ḃfada go ndeacaiḋ an ġáir amaċ go raiḃ Liam O Ruanaiġ marḃ. Ċuir an ḃean uisge síos agus nuair ḃí sé teiṫ niġ sí an corp agus ċuir os cionn cláir é. Ṫáinig na cóṁarsanna agus ċaoineadar go ḃrónaċ os cionn an ċuirp, agus ḃí truaġ ṁór ann do’n ṁnaoi ḃoiċt aċt ní raiḃ mórán bróin uirri féin, mar ḃí Liam aosta agus í féin óg. An lá air na ṁáraċ cuireaḋ an corp agus ní raiḃ aon ċuiṁne níos mó air Liam.
Ḃí buaċaill-aimsire ag mnaoi Liaim agus duḃairt sí leis, “buḋ ċóir duit mé ṗósaḋ, agus áit Liaim ġlacaḋ.”
“Tá sé ró luaṫ fós, anḋiaiġ bás do ḃeiṫ ann san teaċ,” ar san buaċaill, “fan go mbéiḋ Liam curṫa seaċtṁain.”