Nuair ḃí Liam seaċt lá agus seaċt n-oiḋċe ’nna ċodlaḋ ṫáinig buaċaill beag agus ḋúisiġ é. Ann sin duḃairt sé leis, “táir seaċtṁain do ċodlaḋ. Ċuireamar do ċapall agus do ċairt aḃaile. Seó ḋuit do ċuid airgid, agus imṫiġ.”
Ṫáinig Liam a ḃaile, agus mar ḃí sé mall ’san oiḋċe ní ḟacaiḋ aon duine é. Air maidin an laé sin ċuaiḋ bean Liaim agus an buaċaill-aimsire ċum an t-sagairt agus d’iarr siad air iad do ṗósaḋ.
“Ḃfuil an t-airgiod-pósta agaiḃ?” ar san sagart.
“Ní’l,” ar san ḃean, “aċt tá storc muice agam ’sa’ mbaile, agus tig leat í ḃeiṫ agad i n-áit airgid.”
Ṗós an sagart iad, agus duḃairt, “cuirfead fios air an muic amáraċ.”
Nuair ṫáinig Liam go dtí a ḋoras féin, ḃuail sé buille air. Ḃí an ḃean agus an buaċaill-aimsire ag dul ċum a leabuiḋ, agus d’ḟiafruiġ siad, “cia tá ann sin?”
“Mise,” ar Liam, “fosgail an doras dam.”
Nuair ċualadar an guṫ ḃí ḟios aca gur ’bé Liam do ḃí ann, agus duḃairt a ḃean, “ní ṫig liom do leigean asteaċ, agus is mór an náire ḋuit ḃeiṫ teaċt air ais anḋiaiġ ṫu ḃeiṫ seaċt lá san uaiġ.”
“An air mire atá tu?” ar Liam.
“Ní’lim air mire,” ar san ḃean, “’tá ḟios ag an uile ḋuine ’sa’ bparáiste go ḃfuair tu bás agus gur ċuir mé go geanaṁail ṫu. Téiḋ air ais go d’uaiġ, agus béiḋ aifrionn léiġte agam air son d’anma ḃoiċt amáraċ.”