[Uncial4]

DÁS BHEARACHÁIN NA RÁRDHTE GCLISDE.

Bhí sean-draoi ann, fad ó, gur bh'é ainm a bhí air ná Bearachán, agus táinig Fionn Mac Cúmhaill agus righ eile d'á fhiosrughadh, oidhche airíghthe.

Do bhíodar ag caitheamh na h-oidhche leó féin ann—ag déanamh gach aon chaitheamh-aimsire d' fhéadadar dóibh féin.

I gcaitheamh na h-oidhche dhóibh d'iarr Fionn de Bhearachán an fada an saoghal a bhi gearrtha amach dó nó an raibh aon fhios aige air.

Dubhairt Bearachán d'a fhreagairt go raibh, go maith—go mairfeadh sé go bráth chun go dtiucfadh trí righthe gan cuireadh chum a thighe i gcómhair na h-oidhche,—ar an oidhche sin go dtiucfadh mac tíre chuige do mhar'ochadh é.

"Béan t'anam, mar sin." arsa Fionn, "mar tá trí righthe gan cuireadh ann so anocht."

"Cionnar a bhéadh"? arsa Bearachán, "agus gan ann acht beirt agaibh."

[Uncial5]

"Tá," arsa Fionn, "mise righ na Féinne, agus é seo lem' chois righ cúigeadh is eadh é, agus Bran atá 'na righ ar ghadharaibh an domhain."